Fáilte go hInis Meáin... Suíomh breathnóireachta uathúil den chéad scoth
Tá Ionad Taighde Oileáin Árann lonnaithe ar Inis Meáin i gcroí-lár Oileáin Árann, atá timpeall 20km siar ó chósta na hÉireann. Is í Inis Meáin an t-oileán láir de thrí oileáin Árann, suite i gcuan na Gaillimhe.
Tá ár stáisiún taighde oscailte ar feadh na bliana do thaighdeoirí idirnáisiúnta agus disciplíní éagsúla.
Briseann tonnta fíor-fhuinniúil anseo, gan aon bhacainn ná constaicí ag teacht rompu.
Síneann an Atlantach amach go bun na spéire, agus is í cósta thoir Cheanada an mhórchríoch talún is cóngaraí dúinn.